Campa Samhradh agus Lá Oscailte in Ógras Dhún Dealgan
Beidh campa samhraidh ar siúl i nGaeilge i nDún Dealgan an samhradh seo, dírithe ar pháistí 7-12 bliana d’aois. Tá an campa eagraithe ag Ógras, agus is é seo an chéad uair riamh go mbeidh campa samhraidh acu sa bhaile.
Is óg-eagraíocht Gaeilge í Ógras a chuireann spás sábháilte agus compordach ar fáil inar féidir le daoine óga ón gceantar áitiúil teacht le chéile lena gcairde, trí mheán na Gaeilge. Bíonn clubanna óige seachtainiúla agus campaí samhraidh bliaintiúla ar siúl fúd fad na tíre ag Ógras.
Bhunaigh Ógras club óige i nDún Dealgan i mí Feabhra 2020 do dhéagóirí 12-15 bliana. Buaileann siad le chéile in éineacht le ceannairí ar an Máirt in Áras Chonradh na Gaeilge, 5 Plás na Trá. Beidh lá oscailte ansin an Satharn seo 28 Bealtaine 1pm ina féidir níos mó eolais a fháil faoin club óige nó an campa samhraidh.
Chomh maith le sin, is féidir dul chuig www.ogras.ie chun tuilleadh eolais a fháil nó chun clárú le haghaidh an champa samhraidh nó an club óige.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.